Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Babaró

Ba mheidhreach séimh céad rún mo chléibh in éineacht liomsa tráth,
Babaró is óró 'mhíle grá,
Ba réidh a chéim ag siúl na sléibhte aniar ónngarraí bán,
Babaró is óró 'mhíle grá.
Babaró is óró 'mhíle grá,
Ghabh mo bhuachaill córach uaim thar sáile,
Ach bhéarfaidh Dia na nGrásta é do mo chroí arais go slán,
Babaró is óró 'mhíle grá.

An bhfaca tú mo bhuachaill dubh is é ag rómhar na mbán?
Babaró is óró 'mhíle grá,
Níor lonraigh grian ar mhac na bhfian ba ghile snó is bláth,
Babaró is óró 'mhíle grá.
Babaró is óró 'mhíle grá,
Ba chumhraí é ná plúr san fhéar ag fás,
Ach chuaigh sé ag triall san fharraige siar is d'fhág mo chroí go tláith,
Babaró is óró 'mhíle grá.

T:
C:
M:
K: