Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte

A plúir na maighdean is úire gné
fuair clú le scéimh ón Adhamhchlainn,
a chúil na bpéarla, a rún na héigse,
a dhúblaíos féile is fáilte.
A ghnúis mar ghréin le tús gach lae ghil
a mhúchas léan le gáire,
is é an trua gan mé is tú, a shiúir, linn féin
sa dún sin Chéin Mhic Cáinte,

Táim brúite i bpéin gan suan gan néall
de do chumha, a ghéag is áille,
is gur tú mo rogha i gCúigibh Éireann,
cúis nach séanam áthas de.
Dá siúlfá, a réalta gan smúid, liom féin
ba shúgach saor ár sláinte,
gheobhair plúr is méad is cnusach craobh
sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.

T:
C:
M:
K:
L: