Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Úna Bhán

A Úna Bháin, a bhláith na ndlaoi ómra,
tar éis do bháis de bharr droch-chomhairle,
féach, a ghrá, cé acu a b'fhearr den dá chomhairle-
an aon ghlaoch amháin is mé in Áth na Donóige.

A Úna Bháin, mar rós i ngairdín thú
mar choinnleoir óir ar bhord na bainríona thú
ba chéiliúir is ba cheolmhar ag dul an bhealaigh seo romham thú.
Is é mo sheacht maidne brónach nár pósadh liom thú.

A Úna Bháin, is tú a mhearaigh mo chiall;
a Úna, is tú a chuaigh go dlúth idir mé is Dia.
AÚna, a chraobh chumhra, a lúibín chasta na gciabh,
nábh fhearr domsa a bheith gan súil ná d'fheiceáil ariamh?

T:
C:
M:
K:
L: