Mar 'táid, a Dhé, na Gaeil gan treoir is trua
síol ághmhar Néill, síol Éibhir Mhóir aduaidh,
síol Táil go tréith, sliocht Shéarlais chróga i nguais
gan cháil gan chéim ón éag sin Eoghain Rua.
Faoi chlár i gcré tá féile Fodhla uainn,
bláth na nGael is éasca óir an tslua,
lámh na n-éacht nár chlaon ón chóir ar luach
is d'fhág i mbaol faoi léan ón lá do chuaigh.
T:
C:
M:
K:
L: