Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Tórramh an Bhairille

Sceolfad teastas ar shlóite Bhaile Mhic Óda mhaisúil mhúinte,
Leomhain lannamhar, ceolmhar, greannmhar, cumhactach,
      calma cúntach.
Is treóin do chleachtas gach ló gan ladadh orthu ól
      gan cheasna gan chúinse,
Is is mór an t-aiteas go deo bheith eatarthu ar thórramh
      an bhairille dhiúgadh.

Stór ní thaisítear leo go dearfa, in ór nó in earraí ní chumhdaíd,
Ach móchuid bheathuisce is beoir in aisce gan spás dá
      scaipeadh ar an dúiche,
An dearóil má thagann gan lón ina spága do gheolbhaidh an
      casca gan cúntas,
Le hól gan bacadh go bord na maidine ar thórramh an bhairille
      dhiúgadh.

T:
C:
M:
K:
L: