Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar
tiocfaidh an duilliúir glas ar bharr na gcraobh,
tiocfaidh mo rúnsearc le bánú an lae
agus buailfidh sí tiún suas le cumha i mo dhéidh.
Scairt mé aréir ag an doras thall,
scairt mé arís ar mo ghrá go teann,
is é dúirt a dadaí liom nach raibh sí ann
nó gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn.
T:
C:
M:
K:
L: