Thiar i gConnachta atá mo lóistín,
Is is fada ó bhaile mo theach is m'áit chónaí
Seolfaidh mé long ar an chéad mhí Fhómhar,
Is caithfidh mé an geimhreadh le mo mhíle stóirín.
Chuaigh mo mhuintir anonn go hAlbain
A dhéanamh cleamhnais le buachaill Sasanach;
Nuair a shíl mé féin gur stócach óg é,
Cé fuair mé agam ach baintreach pósta.
Tá a fhios ag an tsaol nach baintreach a b'fhearr liom
Ach stócach óg agus aoibh an gháire air,
A labharfadh liomsa go ciúin is go céillí
Is a bhearfadh comhrá domsa i mo luí san oíche.
Och inniu agus och amárach,
Och inniu is chan och gan ábhar;
Tá an teach fuar folamh is tá m'fhocal briste,
Is níl aon deor de bhainne agam is gile ná an t-uisce.
T:
C:
M:
K:
L: