Tráthnóinín déanach i gcéin cois leasa dom,
Táimse i m'chodladh is ná dúisigh mé.
'Sea dhearcas le m' thaobh an spéirbhean mhaisiúil.
Táimse i m'chodladh is ná dúisigh mé.
ba bhachallach péarlach dréimreach barrachas
a carnfholt craobhach ag titim léi ar bhaillechrith
is í ag caitheamh na saighead trím thaobh do chealg mé.
Táimse i m'chodladh is ná dúisigh mé.
Is mó buachaillín óg a tógadh go ceannasach,
Táimse i m'chodladh is ná dúisigh mé.
do cuireadh le foirneart anonn thar farraige.
Táimse i m'chodladh is ná dúisigh mé.
Go bhfeicfead an lá a mbeidh ár ar Shasanaigh
ughaim ar a ndroim is iad ag treabhadh is ag branar dúinn,
gan mise a bheith ann mura dteannam am maide leo.
Táimse i m'chodladh is ná dúisigh mé.
T:
C:
M:
K:
L: