Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Tá Mo Chleamhnas Á Dhéanamh

Tá mo chleamhnas á dhéanamh inniu agus inné
is ní mó ná go dtaitníonn an bhean údaí liom féin
ach fuígfidh mé i mo dhiaidh í is rachaidh mé liom féin
faoi bhruach na coille craobhaí.

Faoi bhruach na coille craobhaí a chónaíonn sí.
Tá an guth aici is binne ná an chuach is í ag glaoch.
Tá an com aici is gile ná an eala ar an toinn.
Is í an cailín deas bán a bhfuil mé i ngrá léi.

Codladh go headara is é b'aite liom féin,
leaba ghlas den luachair a bheith faoi mo thaobh,
buidéal uisce beatha a bheith faoi mo cheann
is mo chailín deas bán a bheith ar lámh liom.

T:
C:
M:
K:
L: