Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Spealadóir

Mo léan le lua is m'a tuirse, is ní féar do bhaint ar teascanna
D'fhág céasta buartha m'aigne le tréimhse go tláth,
Ach éigse is suadh an tseanchais i ngéibheann crua is in anacra
Go tréith i dtuatha leathan Luirc gan réim mar ba ghnáth.
Is gach lonn-bhile borbchuthaigh tréanchumais d'fhás
De bhrolla-stoc na sona-chon do phréamhaigh ón Spáin
Go cantlach faonlag easbuitheach, fá ghallsmacht ghéar ag danaraibh,
An camsprot claon do shealabhaigh a saorbhailte stáite.

Trím néaol ar cuaird sea dhearcas-sa réaltann uasal taitneamhach
Go béasach buacach ceannasach ag téarnamh i mo dháil,
ba dhréimreach dualach daite tiúbh a craobhfholt cuachach camarsach
Ag teacht go scuabach bachaleach léi in éineacht go sáil.
Ina leacain ghil mar cheapaid draoithe, éigse agus fáithe,
Gur sheasaimh Cúpid cleasach glic is gaethe ina láimh,
Ar tí gach tréanfhir chalma do thíodh ina gaor do chealga,
Tré ar claíodh na céadta faraire i ndaorchreataibh báis.

T:
C:
M:
K:
L: