Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Spailpín A Rún

A spailpín a rún, dé do bheathasa chugainn
nó cár bhuainis an fómhar chomh luath seo?
Dá mbeadh a fhios agam féin cá rabhais aréir
ba ghairid liom do bhéal a phógadh.
A chailligh bhuí chróin, níor mhilis liom do phóg
is ní ghlacfainn céad bó mar spré leat,
nó go mba fhearr liomsa póg ó chailín beag óg
ná a bhfuil agat ar bhord an tsléibhe amuigh.

A spailpín a stór, fan socair go fóill
nó go bhfaigheadsa mo chaidhp is mo chlóca,
mo bhróga breá leathair le búclaí an fhaisin
is go deimhin duit go mbuailfinn an ród leat.
Ó rachainn go Caiseal is go Cluain gheal na Meala
Is go Carraig na Siúire thar m'eolas,
is go bráth, fad a mhairfead, ní fhillfead abhaile,
is is cuma cé bhuainfeas an eorna.

T:
C:
M:
K:
L: