Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Spailpín Fánach

Go deo deo arís ní rachad go Caiseal
Ag díol nó reic mo shláinte,
Nó ar mhargadh na saoire i mo shuí cois balla
I mo scaoinse ar leataobh sráide.
Bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill
Ag fiafraigh an bhfuilim híreálta,
Ó téanaim chun siúil, tá an cúrsa fada,
Seo ar siúl an Spailpín Fánach.

I mo Spailpín Fánach fágadh mise
Ag seasamh ar mo shláinte,
Ag siúl an drúchta go moch ar maidin
Is ag bailiú galair ráithe.
Ní fheicfear corrán i mo láimh chun bainte,
Súiste nó feac beag ramhainne,
Ach dathanna na bhFrancach os cionn mo leapan
Agus liús agam chun sáite.

T:
C:
M:
K:
L: