Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Slán Le Máigh

Ó slán is céad ón taobh seo uaim
cois Máigh na gcaor na gcraobh na gcruach
na stát na séad na saor na slua
na ndán na ndréacht na dtréan gan ghruaim.

Curfá:
Och, och, ochón, is breoite mise
gan chuid gan chóir gan chóip gan chiste
gan sult gan seod gan spórt gan spionnadh
ó seoladh mé chun uaignis.

Slán go héag dá saorfhir shuairc
dá dáimh dá cléir dá héigs' dá sua,
do m' chairde cléibh gan chlaon gan chluain
gan cháim gan cháin gan chraos gan chruas.

Curfá

T:
C:
M:
K:
L: