Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Slán Le Carraig an Éide

Slán agus daichead le ceangail ceart díograis,
Chun áitreabh is baile ó Chill Aitchidh go Foinseann;
An ban-tsiocht ina gcleachtainnse beath-uisce bríomhar,
Dánta le n-aithris is spreagaireacht chaoin-phort.
Rince agus pléireacht ag béithibh gan tlás,
Scaoith bhruinneall saora le mo thaobh-sa go sámh,
Go síodach, go séanmhar, go séimh sultmhar cáidh,
Is cantlach is is cathach le sealad mé i ndaoirse,
Go hámhgrach ag taisteal gan aiteas nó aoibhneas.

Mo shlánsa thar éinnse san tsaol chun Liam ghil
Fear grámhar dea-mhéineach glan-tréitheach caoin ciallmhar,
Ráib sultmhar saor le féile do riaradh,
Na táinte go féastach in aol-bhrú le mian suilt;
Éigse na laoi-cheast, cléir, draoithe agus dáimh,
Tréad thaistil tíortha gach oíche agus lá,
Béithe agus saoithe, daill, naoidhin agus baird,
Go fíontach, go feolmhar, go beorach, go biamhar,
Go líomhar, go lonrach, go ceolmhar, go siansach.

Slán cuirim páirteach gan áireamh ó chéile
Chun Adhaimh, chun Seáin, chun Máire is chun Séamuis,
Slán chun Néill mhanla, caoin-ghrá is searc mo chléibhe
De fhuil ársa Eochaidh ádhmhair, a cheap dáimhe agus éigse.
Mo shlá an Róistigh, fear ceolmhar, guth-bhinn,
Le gairdeas do thógadh gach ceo-bhruid dem chroí.
Mo shlán chun gach óg-fhlaith ba mhian liomsa ariamh,
Le háthas fá thearman Charraig an Éide,
Ó mo fhan-rith dá gcasfainn ní scarfainn le mo ré libh.

T:
C:
M:
K:
L: