Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Seoladh na nGamhna

'Siúl ó na coille seo go huaigneach Dé Céadaoin,
Casadh orm óigbhean sa bhfásach,
Ag tóraíocht na ngamhna sea, óir, a cuireadh mé,
Is ceann, ó, ní bhfaighidh mé go lá acu.

Tá crainnín caorthainn fá bhun, ó, na coille seo,
Is beimid le chéile go lá bán ann,
Béimid inár suí le bánú geal na maidine
Is gheobhaimid na gamhna insan bhfásach.

Bheirim mo mhallacht do mhaoir na coille seo,
Is iad a d'fhág anseo le fán mé
M'athair is mo mháthair go brónach sa bhaile,
Is gan gaire agam teacht ina láthair.

Anois, a stóirín, ó tú ag imeacht uaim,
Is ó tharla nach tusa atá i ndán dom,
Seo duitse póigín ar bharr mo chuid méara
Is, a stóirín, mo chúig chéad slán leat.

T:
C:
M:
K:
L: