Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Seán Ó Duibhir an Ghleanna

Ar m'éirí dom ar maidin, grian an tsamhradh ag taitneamh,
Chuala an uaill dá casadh agus ceol binn na n-éan;
Broic is míolta gearra, creabhair na ngoba fada,
Fuaim ag an macalla agus lámhach gunnaí tréan.
An sionnach rua ar an gcarraig, míle liú ag marcaigh,
Is bean go dubhach sa mbealach ag áireamh a cuid géan;
Ach anois tá an choill dá gearradh, triallfaimid thar caladh,
Is a Sheáin Ó Duibhir an Ghleanna, tá tú gan géim.

Is é sin mo uaigneas fada, scáth mo chluas dá ghearradh,
An ghaoth aduaidh am' leathadh agus bás insan spéir;
Mo ghadhairín suairc dá cheangail gan cead lúith no áistíocht,
do bhaineadh gruaim den leanbh i meán ghil an lae.
Croí na n-uaisle ar an gcarraig go ceáfrach, buacach, beannach,
Do thiocfadh suas ar aiteann go lá dheire an tsaoil;
Is dá bhfaighinnse suaimhneas tamall ó dhaoine uaisle an bhaile, 
Do thriallfainn féin ar Gaillimh agus d'fhágfainn an scléip.

T:
C:
M:
K:
L: