Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Seán Ó Dí

Níor ghéilleas riamh do ráite file, fáidh nó draoi
go bhfuair an Vulcán gránna Vénus bhreá mar mhnaoi
ná go bhfaca péarla an bháinchnis, le toil a cairde gaoil,
gan rogha nó malairt árais i bhfochair Sheáin Uí Dhí.

Ní ghéillim nach sprid naimhdeach do tháthaigh dlúth an dís.
A chuspóir pheaca, a Mhámoin, ina measc, mo náir, bhís.
Mopo Nysa datur-is fíor an ráite í
ó fuair an stuaire d'ábhar fear mar Sheán Ó Dí.

Dá mba fear mar chách mé is gur mhaith mar cheard liom í,
do throidfinn seal mar Mhárs di is do ghráfainn í óm' chroí.
Ó is é do bhreoigh is do chráigh mé is d'fhág mé támh gan bhrí
ár gceartlín sneachta mná bheith ina tráil ag Seán Ó Dí.

T:
C:
M:
K:
L: