Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Saighdúir Tréigthe

Nuair a d'éirigh mé ar maidin Dé Céadaoin
níor choisric mé m'éadan, faraor,
nó gur bheir mé ar an arm a ba ghéire
agus chuir mé a bhéal le cloch líof'.

Chaith mise díom mo chuid éadaigh
is mo chiall mhaith gur lig mé le gaoith
is nuair a chuala mé iomrá ar mo chéadsearc
gur steall mé an corrmhéar ón alt díom.

Is fada mo chosa gan bhróga
'gus is faide mo phócaí gan phingin
'gus is fada mé ag gabháil le mná óga
ach níor ó mé riamh deor le mo mhian.

Is fada mo chrá croí á dhéanamh
mo thuama á phriontáil ag saor
agus mo chónair á tógáil lá an Earraigh
is na buachaillí deasa ag gabháil faoi.

Dá mbeinnse seacht mbliana faoin talamh
ná i bhfiabhras na leaba i mo luí
a chéadsearc, dá dtiocfá agus m'fhiafraí
scéal cinnte go mbeinn leat 'mo shuí.

Is trua nach marbh bhí m'athair
nuair a chuir sé mé go hairm an Rí.
Is gurb í an uaigh mo chrualeaba feasta
is, a chéadsearc, nach trua leat mo luí?

T:
C:
M:
K:
L: