Nach mise an trua Mhuire 'dul go carraigín an fhásaigh
ag gol is ag gárthaíl ia ag déanamh bróin;
ag oiliúint mo linbh ar bhacán mo láimhe
is gan fiú an braon bainne agam a thabharfainn dhó.
Níl mé ach go tréithlag, níl gar á shéanadh,
níl mé ar aon chor ach mar an cheo.
Tá fuil mo chroí istigh á shilt ina braonta
is, a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo Shail óg rua?
In aois a sé déag 'sea fuair mé féin í
is nár dheas an féirín í ag fear le fáil?
Ach, a stór mo chléibh, is tú d'fhág liom féin mé
agus chuaigh sa gcré uaim in do chailín óg.
B'fhearr liom go mór mór 'mo dhiaidh ar an ród í
bheith ag blí mo bhróín nó i mbun mo thí,
ná saibhreas Sheoirse is é a fháil le stróinse
is gur faoi na fóda a chuir mé grá mo chroí.
T:
C:
M:
K:
L: