Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Rosc Catha na Mumhan

D'aithníos féin gan bhréag ar fhuacht
is ar anaithe Théitis taobh le cuan,
ar chanadh na n-éan go séisreach suairc
go gcasfadh mo Shéasar glé gan ghruaim.
Measaim gur súch don Mhumhain an fhuaim
is dá maireann go dúch de chrú na mbua
torann na dtonn le sleasa na long
ag tarraingt go teann inár gceann ar cuairt,

Tá lasadh sa ghréin gach lae go neoin,
ní taise don rae, ní théan fé neoil.
Tá barra na gcraobh ag déanamh sceoil
nach fada bheidh Gaeil i ngéibheann bróin.
Measaim gur súch don Mhumhain an ceol
is dá maireann go dúch de chrú na dtreon
torann na dtonn le sleasa na long
ag tarraingt go teann inár gceann fé sheol.

T:
C:
M:
K:
L: