Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Róisín Dubh

A Róisín, ná bíodh brón ort fár éiri duit.
Tá na bráithre ag teacht thar sáile is iad ag triall ar muir.
Tiocfaidh do phárdún ón bPápa is ón Róimh anoir
is ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín dubh.

Is fada an réim do lig mé léi ó inné go dtí inniu.
Trasna sléibhte go ndeachas léi fé sheolta ar muir
is an Éirne do caith mé de léim í cé mór an sruth
is bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín dubh.

Beidh an Éirne ina tuillte tréana is réabfar cnoic,
beidh an fharraige ina tonnta dearga is doirtear fuil,
beidh gach gleann sléibhe ar fud Éireann is móinte ar crith
lá éigin sula n-éaga mo Róisín dubh.

T:
C:
M:
K:
L: