Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Ráiteachas na Tairngreacht'

Aréir is mé go tláith lag, go tabhartha tnáite in easpa chirt,
Sea dhearcas ag teacht i mo láthair an bhean dob áilne fionnachruth.
Bhí gruaig a cinn go búclach buí ina slaoda síos go talamh léi,
Is le glór a béil gur bhuail sí an draíocht ar cheolta sí na Banban,
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.

Tiocfaidh aon-mhac phrionsa an chomhraic gurb ainm dó siúd Bonaparte,
An t-Impire is an Spáinneach ag cur gárda leis go hAlbain.
Ní bheidh siúd choíche sásta le háitreabh Rí na Sasan a fháil,
Gan buachan cruinn le faobhar a gclaíomh go mbainfidh díol a n-athar dóibh,
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.

Tiocfaidh cabhair agus fuaim orainn, is béim' go léir go haiteasach,
Agus glaofaim' ar ár gcúnamh chun dúbailt' ins na rainceanaibh
Agus séidfim' adharc is biúgal, galltrump' ar dtús an chatha amuigh,
Beidh smáil is bleást an phúdair ag baint smúit as croíthe na Sasanach,
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.

An pílear glas ní fearrde é an áit go mbeidh a thaisteal ann,
Mar níl sa bhfear is fearr acu ach spreallairín dubh Sasanach
Agus sáfaim' fan a lár iad is ní taise do na hOrangemen
Go mbeadh fiacha dubha is a ngearrcaigh ag baint sásamh as a gcreathachaibh,
Is a chlanna Gael na n-árann, sin é ráiteachas na tairngreacht'.

Le linn dul as an bpáircd daoibh, bainí go leir bhur hataí dhaoibh,
Is guí chun Muire Máthair an lá do dhul ar Ghall-phoic.
Beidh sagairt, easpaig, bráithe is an Pápa ceann na heaglaise,
Ag guí chun Dé gach lá le fonn an fán do chur ar Shasanaigh,
Is a chlanna Gael do chrádh sinn ag ráiteachas na tairngreacht'.

T:
C:
M:
K:
L: