Is iomaí slí sin a bhíos ag daoine
ag cruinniú píosaí is ag déanamh stóir,
is a laghad a smaoiníos ar ghiorra an tsaoil seo
go mbeidh siad sínte faoi leac go fóill.
Más tiarna tíre, diúc nó rí thú,
ní rachaidh pingin leat is tú 'dul faoin bhfód.
Mar sin is dá bhrí sin níl beart níos críonna
ná bheith go síorraí ag cur preab son ól.
An long thar sáile níl cuan nó cearda
nach gcaithfeadh cairde ar fud an domhain mhóir
ó ríocht na Spáinne agus suas Gibraltar
'gus ins an áit a mbíonn an Grand Senor.
Le gach lasta ag líonadh málaí
ní choinneodh an bás uaidh uair nó dhó.
Mar sin, a chairde, níl beart níos fearr dúinn
ná bheith mar 'táimid ag cur preab san ól.
T:
C:
M:
K:
L: