Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Páistín Fionn

Grá mo chroí mo pháistín fionn,
A croí is a haigne ag gáire liom,
A cíocha geala mar bhláth na n-úll,
Is a píoba mar eala lá Márta.

Curfá:
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
Is tusa mo rún is mo ghrá geal,
is tusa mo rún is mo chumann go buan,
'S é mo chreach gan tú agam ó do mháithrín.

Cara mo chroí mo pháistín fionn,
A dhá grua ar lasadh mar bhláth na gcrann,
Tá mise saor ar mo pháistín fionn,
Ach amháin nuair a ólaim a sláinte.
Curfá

Dá mbeinnse sa bhaile mar a mbíonn súgradh is greann,
Nó idir dhá bhairille lán de leann,
Mo shiúirín i m'aice is mo lámh faoina ceann,
Is súgach a d'ólfainn a sláinte.
Curfá

Bhí me naoi n-oíche i mo luí go bocht,
Ó bheith sínte faoin díle is mé idir dhá thor,
A chumann mo chroí is mé ag smaoineamh ort,
Is ní bhfaighinnse le fead nó le glao thú.
Curfá

Ó, théigfead mo mhuintir is mo chairde gaoil,
Agus tréigfead a maireann de mhná an tsaoil,
Ní threigfead le mo mharthain thú, a ghrá mo chroí,
Nó go sínfear i gcónra faoi chlár mé
Curfá

T:
C:
M:
K:
L: