Óró, mo bháidín ag snámh ar an chuan
Óró, mo bháidín,
Faighimis na maidí agus téimis chun siúil
Óró, mo bháidín,
Óró, mo churraichín ó, óró mo bháidín.
Curfá:
Óró, mo churraichín ó, óró mo bháidín.
Óró, mo churraichín ó, óró mo bháidín.
Crochfaidh mé seolta is gabhfaidh mé siar, óró, 7rl.
Is go hOíche Fhéile Eoin ní thiocfaidh mé aniar, óró 7rl.
Curfá
Nach lúfar í ag iomramh soir agus siar, óró 7rl.
a sárú ní bhfaighidh tú ó Árainn go Cliar, óró 7rl.
Curfá
T:
C:
M:
K:
L: