Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Neilí Bhán

A Neilí bhán, a théagar, a Neilí bhán, a stór,
Dá dtiocfá thusa liomsa go coillidh dheas na gcnó.
Bhéarfainn aer an bhaile mhóir duit a thógfadh suad do chroí,
Is marcaíocht i gcóistí ag dul bóithre Bhaile Bhuí.

Is trua gan mise i Muineachán is mé i mo cheannaí snáth,
Mo Neilí bhán in aice liom, charbh fhada liom an lá
Dá ndíolfadh sí an reicneáil, bhuailfinn féin an clár,
Go mbuailfinn luach na mbuatas ar mo chúilean chasta bhán.

Is fada mé ar an bhaile seo le bliain is trí lá,
Is macasamhail mo Neilí cha raibh agam le fáil;
Nuair a scairtinn ar an bhiotáilte dhíoladh Neilí an cháin
Agus shnámhfainn Loch Éirne le mo mhaighre mhaiseach bhán.

Tráthnóna Dé Domhnaigh is orm a rinneadh an chreach,
Mo chailín óg a pósadh sula dtáinig liom a teacht;
Dochtúirí na hÉireann, chá leigheasfadh siad mo chás,
Ba thú ba dheise is thréig tú mé, a phéarla an chúil bhán.

T:
C:
M:
K:
L: