Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Moll Dubh a' Ghleanna

Tá ba agam ar shliabh 's níl dúine 'gam na ndiaidh,
Ach mé do mo bhuaidhreadh leofa;
Bíodh idir mise is Dia má's orthu 'tá mo thriall
Is bhain siad mo chiall go mór uaim

Curfá:
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna í,
'Sí Moll Dubh an Earraigh í,
'Sí Moll Dubh is deirge ná'n rósa
'S dá bhfaighinnse féin mo roghainn de mhná óga deasa 'n domhain,
'Sí Moll Dubh a' Ghleanna ab fhearr liom.

Mise bheith gan mhnaoi feasta choíche ní bhím,
Is Moll dubh bheith i dtús a h-óige;
Och, is fann guth an éin a labhras leis féin
Ar thulaigh nó ar thaobh na monadh.

Is ag Moll dubh a' ghleanna, tá mo chroí-se i dtaiscí,
'S í nach bhfuair guth na náire;
Is go ceillí, múinte, cneasta a dúirt sí liom ar maidin;
"Ó imigh uaim 's nach pill go brách orm!"

Níl an óganach geanúil ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh,
Is timpeall go h-Umhaill Uí Mháinnle,
Nach bhfuil a dtriall a dtriall uilig 'na ghleanna ar eacraidh slime sleamhainne,
I dnúil leis an bhean dubh a b'aille.

T:
C:
M:
K:
L: