Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Mallaí Chroich Shlí

Lá aoibhinn gan bhuaidhreadh 's gan mhearaigh,
'S mé ag ardú 'mach Mallaí Chroich Shlí
Faoi imeall na neallta go bhfaca mí,
An spéirbhean ag gabhail tharam ins a tslí.
Thug sí dealramh breá aerach 'bhí dathúil
Ar dhá thaobh a' ghleanna ar gach taobh.
Is mo cheadfaí gur' réab sí chun seachrán,
'S d'fhág sí tréan smacht ar m'aigne faraor!

Tá mo chuidiú-sa a laghdú fá bhaile,
Níl capall, ní caora 's níl maoin,
Níl géimneach fá shléibhte Loch Bearraigh
Le pléisiúr a chuir ormsa mar bhí,
Ó d'imigh an spéirbhean bhí dathúil
A dtug mé spéis dí 's nach bhfanann liomsa chóich'.
Le m'éifeacht ní fhéad mise 'mealladh
Fá 'críonnacht a chuir pian in mo chroí.

T:
C:
M:
K:
L: