Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Molly na gCuach Ní Chuilleanáin

Ar meisce cha dtéim níos mó,
braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé
ó chaill mé mo chailín beag óg
a chuireadh i mo chócaí an t-airgead.

Curfá:
Is fada liom uaim í uaim í
is fada liom uaim í ó d'imigh sí
is fada liom thíos agus thuas í
Molly na gcuach Ní Chuilleanáin.

Dhéanfaidh mé tigh ar an ard
is beidh ceithre ba bána breaca agam
is ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair
ach Molly dheas bhán Ní Chuilleanáin.

Curfá

Dá mbeinnse i ndeacair an bháis
is na daoine á rá nach dtiocfainn as,
ní dhéanfainn mo thiomna go bráth
go dtiocfadh Moll bhán Ní Chuilleanáin.

Curfá

Bhí mise lá ar an choill
is tharla dom soillse bhradóige,
dhéanfadh sí marbhán beo
nó buachaill deas óg den tseanduine.

Curfá

T:
C:
M:
K:
L: