Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Mo Ghile Mear

Bímse buan ar buairt gach lá,
Ag caoi go crua is ag tuar na ndeor,
Mar scaoileadh uaim an buachaill beo,
Is ná ríomhthar tuairisc uaidh mo bhrón.

Curfá:
Is é mo laoch, mo ghile mear,
Is é mo Shaesar, gile mear,
Ní fhuaras féin aon tsuan ar séan
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear,
Ní fhuaras féin aon tsuan ar séan
Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear.

Ní haoibhinn cuach ba suairc ar neoin,
Táid fíorchoin uaisle ar uatha spóirt,
Táid saoithe is suadha i mbuairt is i mbrón,
Ó scaoileadh uaim an buachaill beo.

Curfá

Is cosúil é le hAonghus Óg,
Le Lughaidh Mac Céin na mbéimeann mór,
Le Cú Raoi, ardmhac Dáire an óir,
Taoiseach Éireann tréan ar tóir.
Curfá

Le Conall Cearnach bhearnadh poirt,
Le Fearghas fiúntach fionn Mac Róigh
Le Conchubhar cáidhmhac Náis na nós,
Taoiseach aoibhinn Chraoibhe an cheoil.
Curfá

T:
C:
M:
K:
L: