Seo mo mhallacht ar na mná
Is iad a mhearaigh mé 'gus rinne mo chrá
Thit mé i dtús mo shaol i ngrá
Le spéirbhean álainn óg
Is mheall sí lena glórthaí mé
Is í bhí sochmaidh, lách, gan bhród
Is í ba mheallacha is ba mhilse póg
Bhí sí bríomhar, greannmhar, cóir
Is ní bréag a bhfuil mé a rá
Gur mheal sí lena glórthaí mé
Shíl mé nach raibh duine bocht ar mo dhreamm
Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann
Faraor tá mé fágtha anseo go fann
Ag bodhránacht liom féin
Ó mheall sí lena glórthaí mé
Is iomaí óiche fhada fhuair
A chaith mé ag suirí léi cois na gcruach
is ag teacht 'na bhaile arís gan gruam
Le bodhránacht an lae
Nuair a mheall sí lena glórthaí mé
Thóg sí a seoltaí i bhfad ar shiúil
Is d'fhág sí mise ag sileadh na súl
Nach cuma liom dá mbeinn ag dúil
Lena feiceóil arís níos mó
Ó mheall sí lena glórthaí mé
Nach doiligh domhsa theacht frid a' tsaol
Ó d'éalaigh an ainnir úd a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí mise lag gan bhrí
Ó chaitheamh 's ó mo chloí
Ó mheall sí lena glórthaí mé
Dá bhfáighinnse an saol seo ar mo mhian
Scéal cinnte go mbeimis óg a choích'
Nó chuirfinnse lámh na cloige arís
Go dtí an t-am arbh fhiú bheith beo
Nuair a mheall sí lena glórhtaí mé
T:
C:
M:
K:
L: