Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Máire Mhór

Tá bean a'msa in Áran Mhór agus bean eile in Inis Bearachain,
Mo ghrása Máire Mhór, 's í an bhean a b'fhearr a thaitin liom.

Curfá:
Is óró, Mháire Mhór, is, a Mháire Mhór, an dtiocfaidh tú?
Mura dtiocfaidh tú mar gheall tú go mbáitear insan tuile thú!

Ní le faochain ná le bairnigh, ná le bláth na scailliún dearga
A mheall mise Máire Mhór, ach le fuisce láidir Shasana.
Curfá

Dá bhfeicfeá Máire Mhór is í ag dul sráideanna na Gaillimhe
Gan folach ar a bráid ach cóta mór an charraera.
Curfá

Dá mbeinnse in Áran Mhór is mo bhád seoil bheith faoi rúf agam
Nach deas a thornálfainn ród ach Máire Mhór a bheith faoi deic agam.
Curfá

T:
C:
M:
K:
L: