Ar maidin Dé Máirt bhí ábhar mór goil agam féin.
Bhí na gloiní ar chlár is iad lán amach go dtí an béal.
Gach cumann is gach cás, a mhíle grá, a raibh eadrainn ariamh.
Mo chúig mhíle slán le do lámh a bhí tharam is nach mbíonn.
Nach cuimhin leat an oíche úd a bhí mé is tú, a ainnir na gciabh,
In ár luí ins an fhraoch 'gus an saol ag gabháil tharainn aniar?
Cé gur milis an rud an fíon is diamsach bhíos daoine ina dhiaidh;
Bhí do theachtaire críonna, faraoir, is bhí mise gan chéill.
Tá a lán de na mná a mbíonn a ngrá leo ar bharr a gcúig méar
is a n-intinn le fáil i gos ard ag feara an tsaoil.
Ní hé sin do mo ghrá nó is lách an mhaise di é.
Ó, is go bhfeicidh mé an lá a mbeidh an fáinne ag gabháil eadrainn araon.
Is cuma le lucht na mbréag ach an méid údaí is toil leo a rá,
lanúin á gcur ó chéile, is caidé a dhéanfaidh mé 'dhíobháil mo ghrá?
bheinn is tú dlúth gan smúid ar leaba chlúimh éin.
T:
C:
M:
K:
L: