Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Máirín de Barra

A Mháirín de Barra, do mharaigh tú m'intinn,
do chuir tú beo i dtalamh mé i gan fhios do m' mhuintir,
Ar mo luí dhom ar mo leaba is ort 'sea bhím ag cuimhneamh
is ar m'éirí dhom ar maidin mar gur chealg tú an croí dom.

Do thugas is thugas is thugas ó m' chroí greann duit
Ar Dhomhnach Fhéile Mhuire na gCoinneal sa teampall,
is do shúilín ba ghlaise ná uisce na ngeamhartha
is do bhéilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann.

Do shíl mé tú a mhealladh le briathra is le póga
do shíl mé tú a mhealladh le leabhair is le móide
Is do shíl mé tú a mhealladh ar bhreacadh na heornan
ach d'fhag tú dubhach dealbh ar theacht don bliain nua mé.

Is aoibhinn don talamh go siúlann tú féin air.
Is aoibhinn don talamh an uair a sheineann tú bhéarsa.
Is aoibhinn don leaba ina luíonn tú fé éadach,
is aoibhinn don bhfear a bheobhaidh tú mar chéile.

T:
C:
M:
K:
L: