Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Londubh Is an Chéirseach

Tá an londubh is an chéirseach, is an fhuiseoigín le chéile,
Is an smóilín binn bréagach ina ndiaidh i ngach aird,
An chuach i measc an méid sin ag seinm dánta is dréachta
Do chúl trom tais na bpéarlaí is do mo chéad míle grá.

Dá mbeinnse i mo smóilín do leanfainn tríd an mhóin í,
Mar is ise bláth na hóige a thógfadh suas mo chroí
Ó bheinnse ag seinm ceoil dí ó mhaidin go tráthnóna,
Le ceiliúr binn á cealgadh is le móráil dá gnaoi.

Is trua gan mé is mo shiúirín is barr mo láimhe dlúth léi,
Go seinnfinn di go súgach ar cheolchruit go sámh;
A lao, nárbh aoibhinn domsa dá bhfaighinnse cead bheith ag siúl léi,
Is a rún mo chroí, bí ag súil liom le héirí don lá.

T:
C:
M:
K:
L: