Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Liam Ó Raghallaigh

An cuimhin libhse an oíche úd,
bhí an tsráid seo lán de mharcaigh,
ag sagairt is ag bráithre
is iad ag trácht ar an mbainis.
Bhí an fhidil ar chlár ann
agus an chláirseach á spreagadh
is bhí triúir de na mná bána ann
le mo ghrá heal a chur ina leaba.

'Mo bhaintreach is 'mo mhaighdean
a fágadh mé go hóg,
is tabhair scéal chuig mo mhuintir
gur báitheadh mo mhíle stór.
Dá mbeinn ar an trá an lá sin
is mo dhá lámh a bheith ar an scód,
m'fhocal duit, a bhean Uí Raghallaigh,
is deas a leigheasfainn do bhrón.

Tá do shúile ag na péistibh
agus do bhéal ag na portáin,
is do dhá lámh gheala ghléigeala
faoi ghéarsmacht na mbradán.
Cúig phunt a bhéarfainn
don té a thógfadh mo dhianghrá,
ach is é mo léan thú bheith i d' aonraic
a Néillí ghléigeal Ní Shiúrtáin.

T:
C:
M:
K:
L: