Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Iníon an Phailitínigh

Agus lá breá aoibhinn margaidh is mé ag gabháil trí Bhaile an tSíoda,
rai tai al de didil rai tai fold de didil rai tai al de didil aer ai ó
cé chasfaí ins an tslí orm ach iníon an Phailitínigh
rai tai...
Ó d'fhiosraigh sí fios m'ainme nó an baile óna mbíonn tú
nó an dtiocfá féin abhaile liomsa seal go dtí mo mhuintir.
Is é dúirt gur buachaill greanta mé a chónaíonn i nGóilíní
rai tai...

Do dhruideas síos ina haice siúd is do thugas di cúpla póigin.
rai tai...
Is má théimse féin ahbaile leat an bhfaighidh mé thú leósadh?
rai tai...
Is é dúirt sí, "Ná bíodh eagla ort, tar liom is míle fáilte.
Gheobhaidh tú le toil m'athar mé is gan focal ó mo mháithrin.
Gheobhaidh tú stoc is talamh liom is mairfaimid go sásta.
rai tai...

"Is má thréigeann tú an tAifreann do gheobhaidh tú mé le pósadh.
rai tai...
Mar a dhein mo mhuintir romhamsa is a maireann chuile beo acu.
rai tai...
Gheobhaidh tú ór is airgead is talamh gan aon chíos liom.
Agus litir ón Ministir Oliver go bhfuil m'athair caite críonna.
Is cailín deas ag taisteal leat más mian leat Pailitíneach."
rai tai...

T:
C:
M:
K:
L: