Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

I m'Aonar Seal

I m'aonar seal ag siúl bhíos i dtús oíche i ngaortha ceo,
le m' thaobh gur dhearcas fionnríon á m'ionsaí gto séimh ar seol.
A céibh ar fad ina búclaí ag tabhairt síos ar scéimh an óir
go craobhach casta ciumhas-bhuí ina fonsaí go béal a bróg.

Ba mhaorga mhaiseach mhúinte í, ba chiúin í, ba shéimh a cló,
ba chaomh a dreach is a súil ghrinn mar dhrúcht ghlinn ag déanamh spóirt,
a déid mar chailc ina dlúth-chíor gan smúit bhí go néata i gcóir
is a haolchorp seascair súch síoch nár dlúthaíodh le chéile fós.

Táid caora is sneachta ar lúth shíor ina gnúis mín ba mhaorga mhóúil,
a héadan leathan úr, maím, gan smúit puinn go séanmhar sóch.
Ba chaol a mala dhlúth-chaoin is a leabhair-phíp mar ghéis ar seol,
is a béilín blasta búch binn ceannsa nár thaobhaigh móid.

T:
C:
M:
K:
L: