Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Iníon an Fhaoit' Ón nGleann

Siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht gan scíth, gan stad, gan fuarú,
Tá an oíche ghairid shamraidh ann is beam araon ar shiúl,
Mar a bhafaighimid radharc ar chuanta, ceol, aoibhneas, bailte móra,
Is, a Dhia, nach ró-bhreá an uain í d'iníon an Fhaoit' ón nGleann.

Táimse lán de náire, trí gach beart dá ndearna,
Mar is buachaill óg a chráigh mé is d'imigh uaim mo ghreann.
Ní beo mé mí ná ráithe mura bhfaighe mé póg is grá uait,
Agus fáilte chaoin ó do chairde, a iníon an Fhaoit' ón nGleann.

Bhí mé lá breá aerach i mo shuí ar bhinn an tsléibhe amuigh
Sea chuala an lon is an chéirseach ag seinm os mo cheann;
Is deas a scríobhfainn bhéarsaí is ní deise ná mar léifinn
Stair do do mholadh féinig, a iníon an Fhaoit' ón nGleann.

T:
C:
M:
K:
L: