Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Iníon an Bhaoilligh

Bhí mé oíche taobh istigh 'Fhéil' Bríde
Ar faire thíos ar an Mhullach Mhór,
Is tharla naí dom a dtug mé gnaoi dí
Mar bhí sí caíúil lách álainn óg.
Is í go cinnte a mhearaigh mo intinn,
Agus lia na bhfiann, ó, ní leigheasfadh mé,
Agus tá mo chroí istigh ina mhíle píosaí
Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glégheal.

Is fada an lá breá ó thug mé grá duit,
Is mé i mo pháiste bheag óg gan chéill,
Is dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom
Nár chuma liom, a mhíle stór?
A mhíle grá, tá cách ag rá liom
Gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás,
Is níl an lá margaidh a mbeadh ins na Gearailtigh
Nach mbeadh cúl fathmhainneach is mise ag ól.

A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt,
Druid anall liom is tabhair dom póg
Is gur leatsa an shiúlfainn cnoic is gleanntáin,
Is go Baile an Teampaill dá mbíodh sé romhainn;
Ach anois ó tá mise curtha cráite,
is gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth,
A Rí atá i bParrthas, déan dom fáras,
I ngleanntáin áilne lena taobh

T:
C:
M:
K:
L: