Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Is Fada Liom Uaim Í

Is fada liom uaim í ar uaigneas gach baile a mbíonn sí,
Is le gach ógánach suairc a ghluaisfeadh in aice na dí.
Dá dtigfeása anuas ar chuairt fá bharra na gcraobh
Le gairm na gcuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi.

A Mhalaidh, a chéadsearc, ná tréig thusa mise go brách
Go bhuil mé i do dhiaidh gach aon lá fá mhallaigh na n-ard;
Is tú cruithneacht ar mhná Éirin, is tú b'fhéile dar ghlac ariamh lámh
Is dar mionna mo bhéil, ní bréag a bhuil mé is tú á rá.

Is a Mhalaidh mo ró-ghrá tá an t-órfholt snoite glan réidh,
Cum cailce tá ró-dheas a chuirfeadh bród ar fhearaibh an tsaoil,
Béilin meala mar na rósaí, súil mhódhmhar ghorm gan claon,
Is i gcoillí ag baint chnónna, 's é mo bhrón gan Malaidh agus mé.

T:
C:
M:
K:
L: