Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

an Goirtín Eornan

Is buachaillín fíor-óg mé, go bhfóire orm Rí na ngrás,
thug searc do chailín óg i dtí an ósta le cómhrá gearr.
Ní raibh hata uirthí nó clóca nó búclaí déanta 'phrás
ach tape i gcluais a bróigín, is í mo stór í go bhfaighe mé bás.

Móra dhuitse, a éinín, ag líimnigh ó chrann go crann,
dá neosfainn brí mo scéil duit ní féidir ná déanfá rún,
beir litir uaim faoi shéala go cúlchraobhach na bhfáinní bhfionn
go bhfuil mo chroí á chéasadh is nach féidir liom codladh ciúin.

Tá gaoth aneas is tóirneach is mórshruth le habhann na Laoi,
sneachta ar na bóithre is mórshioc á mheascadh tríd,
ní fhanann fuaim ag róntaibh ná ceol binn ag éan ar chraoibh
ó chailleas-sa mo stóirín, is í thóhfadh an ceo de m' chroí.

T:
C:
M:
K:
L: