Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Geaftaí Bhaile Buí

Ag geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh
a bhí amaideach baoth-déanta.
Éalú le mnaoi seal tamaill ins an oíche
ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí.
bhí mé lag gan bhrí, gan mhisneach in mo chroí
is í agam ar mhín-shléibhe;
Bhí an codladh á mo chloí agus b'éigin domsa luí
agus d'imigh sí ina fíormhaighdean.

'Gabhail a luí don ghréin faoin am seo aréir
nach agamsa bhí an scéal buartha.
ba é a shamhailt domsa an té a shínfí ins an chré
Ó, is a Mhuire nach mé an trua.
Is é 'déarfadh mo chairde, an méid acu a bhí i láthair:
"Altaigh leis na mná, a bhuachaill."
Is an méid a ngoilfeadh orthu mo chás, goilfead siad a sá
fá mo chroí a bheith in mo lár ina ghual dubh.

Dá mbeinnse thall sa Spáinn i mo luí ar leaba an bháis
agus cluinimse do dháil in Éirinn,
go n-éireoinn i lár na hÉirne.
Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go bráth
Mura bhfaidhidh mise scíofa i mBéarla é.
Gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás
ag dúil go bhfaidhinn spás ar éigin.

Is agamsa atá an mháistreás is measa i gcríocha Fáil
cé gur soineanta clár a héadain.
Chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr
agus b'fhurasta ár gcás a réiteach.
An madadh rua bheith sách, an chaora dhubh ar fáil
is ní chluinfí mé go bráth ag éileamh.
Agus m'fhocal duit, s Sheáin, go bhuil ealaíon ins na mná
agus codail féin go sámh ina n-éamais.

T:
C:
M:
K:
L: