Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Gardaí an Rí

Rachaidh mise suas le gardaí an Rí
Agus bhéarfaidh mise anuas ar lámh liom í.
Nach mise a chuirfeadh cluain ar a bánchneas mín
Agus bhéarfaidh mé go Tuaifín í grá chroí.

Curfá:
Tógaigí suas ar ghruaimhín an iomaire í
lasadh ina grua agus bua gach duine léi.
A ghiolla, atá gan ghruaim a chuirfeadh cluain ar an iomataí
nach é mo scéal truaí mar luaíodh mise leat?

Níl mise tinn agus níl mé slán.
Is ró-mhór m'osna is ní fhéadaim a rá,
nuair a smaoiním ar an uair úd a bhí mé is tú, a ghrá,
guala ar ghualainn agus lámh ar lámh.

Curfá

Galar cloíe choíche an grá.
Is mairg ar a mbíonn d'oíche nó lá.
Cé gur crua an rud an snaidhm is nach scaoiltear é go bráth
Ó, is a chomrádaí, go dté tú slá.

Curfá

T:
C:
M:
K:
L: