Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Fuígfidh Mise an Baile Seo

Thíos a choise na farraige atá mé féin 'mo chónaí
ag síordhéanamh lionnduibh ó mhaidin go tráthnóna 
is ag smaointiú ar mo stóirín a bhíodh i gcónaí 'caint liom,
is an gcuala sibh mar seoladh mé go hóg a dhéanamh m'aimhlis?

Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí
'gus lán mo dhá lámh is níor shásaigh riamh m'intinn.
Nach trua nach dtig sé 'reacht amach mar thiocfadh ar bhoin nó ar chaoirigh
an té nach dtaitneodh a mhargadh leis a sheoladh ar ais chun aonaigh.

A Mhuire, nach mé an trua is mé pósta ar an sclábhaí
nach legeann amach chun Aifrinn mé lá saoire nó dé Domhnaigh,
nach dtéid go tí an leanna liom is nach n-ólfadh giní óir liom
is nach dteannfadh lena chroí mé mar a dhéanfadh an buachaill óg liom.

Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dubhghránna
agus rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eadhra,
an áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte,
sealfhán deas bó is cead mo phósadh ar an táilliúir.

T:
C:
M:
K:
L: