Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Fáth Mo Bhuartha

Is é fáth mo bhuartha nach bhfaighim cead cuairte ort
sa ghleanntán uaigneach mar a mbíonn mo ghrá.
Bíonn mil ar luachair ann, im ar uachtar,
go tús an fhómhair bíonn na crainn faoi bhláth.
Níl gaoth aduaidh ann, níl sneachta crua ann,
tá caladh is cuan ann ag long is ag bád.
Mar thuilleadh bua ann níl turas cruaiche ann
ag an té a dhéanfadh suas le mo mhuirnín ban.

Is é dúirt mo stor liom ó bhí tú óg deas
go ndéanfá foghlaim ar éalú liom.
Is nach mbíonn tráthnóna nó maidin fhómhair
nach tú an réalt eolais a bhíos 'dul romham.
Ag siúl na mbánta is na gcoillte cnómhar
ní bheadh orm brón nó duibheagán croí
ach mé bheith pósta ar mo mhíle stóirín
is mo lámh go bródúil ar a brollach mín.

T:
C:
M:
K:
L: