Fáilte don éan is binne ar chraoibh
labhras ar chaoimh na dtor le gréin;
domsa is fada tuirse an tsaoil
nach bhfeiceann í le teacht an fhéir.
Cluinim cé nach bhfeicim a gné
guth an éin darbh ainm cuach,
amharc uirthi i mbarra géag
mo thuirse ghéar nach mise fuair.
Gach neach dá bhfeiceann cruth an éin,
amharc Éireann deas is tuaidh,
bláth 'na dtulcha ar gach taobh
dóibh is aoibhinn bheith á lua.
An tAmhrán:
Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m'amharc a fháil
go bhfeicfinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás.
cuid de mo ghruaim nach ngluaisim chun cruinnithe le cách,
ar amharc na gcuach ar bhruach na coille go sámh.
T:
C:
M:
K:
L: