Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Éamon an Chnoic

Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth
ag réabadh mo dhorais dhúnta?
Mise Éamon an Chnoic atá báte fuar fliuch
ó shíorshiúl sléibhte is gleannta.
A lao dhil is a chuid, cad a dhéanfainnse duit
mura gcuirfinn ort beinn de m' ghúna
is go bhfuil púdar go tiubh á shíorshéideadh leat
is go mbeimis araon múchta.

Is fada mise amuigh faoi shneachta is faoi shioc
is gan dánacht agam ar aon neach,
mo sheisreach gan scor, mo bhranar gan chur
is gan iad agam ar ano chor.
Níl caraid agam is danaid liom san
a ghlacfadh mé moch ná déanach,
is go gcaithfidh mé dul thar farraige soir
ó is ann nach bhfuil aon de m' ghaolta.

T:
C:
M:
K:
L: