Curfá:
Dúlamán na Binne Buí, Dúlamán Gaelach,
Dúlamán na farraige, 's é b'fhearr a bhí in Éirinn.
A 'níon mhín ó, sin anall na fir shúirí,
A mháthair mhín ó! cuir na roithléan go dtí mé.
Curfá
Tá cosa dubha dúbailte ar an dúlamán gaelach
Tá dhá chluais mhaol ar an dúlamán gaelach
Curfá
Rachaimid do Doire leis an dúlamán gaelach,
Is ceannóimid bróga daora ar an dúlamán gaelach.
Curfá
Bróga breaca dubha ar an dúlamán gaelach,
Tá bearéad agus triús ar an dúlamán gaelach.
Curfá
Ó chuir mé scéala chuici, go gceannóinn cíor dí,
"S é'n scéal a chuir sí chugam, go raibh a ceann cíortha.
Curfá
Góide a thug na tíre thú? arsa an dúlamán gaelach,
Ag súirí le do níon, arsa an dúlamán maorach.
Curfá
Ó cha bhfaigheann tú mo 'níon, arsa an dúlamán gaelach,
Bheul, fuadóidh mé liom í, arsa an dúlamán maorach.
T:
C:
M:
K:
L: