Site hosted by Angelfire.com: Build your free website today!

Dónal Ó Maoláine

Eadar Caiseal agus Úrchoill a casadh dom an cúilín, 
'S í ag teacht go ciúin céillí fá mo choinne sa ród;
Rug mé grem cúl uirthi agus leag mé ar an drúcht í 
Agus d'fhág mé a choí dúnta aici's í ag sileadh na ndeor.

Bliain ón lá sin casadh orm an stáidbhean,
Agus í go ró-státúil ag dul romham sa ród;
Rug sí grem láimhe orm is chuir sí romham fáilte-
"Cad é mar atá do shláinte, a ógánaigh óig?"

"Seo litir ó mo athair agus beannacht ó mo mháthair
Is gan mo mhalairt a dhéanamh a choíche go deo;
Gheolbhaidh tú na táinte uainn agus ór buí ina mhámaí,
Is mise a bheith mar ríon agat a fhad is beidh mé beo."

"Dar an leabhar, maise, a pháiste, is deas a bhfuil tú á rá liom,
Do mhalairt ní dhéanfainn ar an chúig mhíle bó,
Ach go bé go bhfuil me daleta le bliain is trí ráithe
Leis an Iníon sin Uí Dhálaigh atá i gContae Mhaigh Eo.

Imigh agus déan sin, dheamhan a miste liom féin é,
Né folamh atá Éire, tá fear eile le fáil;
Is fiosach dom céile nach n-iarrfadh aon phingin spré liom,
Ach a ghlacfadh mé i mo léine cé folamh atéim.

A Rí mhór na páirte, cad é dhéanfas mé amárach,
Nó cá bhfaighidh mise athair do mo leanbán óg?
Mise Dónal Ó Maoláine is ní chéilfinn ar fhearaibh Fáil é,
Is gheobhaidh tú ar an tSliabh Bán mé i gContae Mhaigh Eo.

T:
C:
M:
K:
L: